School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 611
- XML “Liosanna”
- XML “Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Liosanna
“Tá lios eile thoir ar an gCloichbhric.”
2) Tá lios eile thoir ar an gCloichbhric. 'Sé teach Sheáin Uí Mhuirraín an teach is goire dhó. Tá sean-sgonnsa thart air agus tá sé an-éasgaidh é a thabhairt fá deara mar tá sé níos aoirde ná an chuid eile de'n talamh. Áit uaigneach é mar ní bhíonn beithidhigh ná dada seólta ann. Bhíodh go leór sidheóga le feiceál ann fadó. Is minic a feictighe fear ann a bhíodh gléasta dubh agus fuil air. Is minic a chuala buachaillí an bhaile sgreadach cráidthe mar bhéadh duine a bhéadh dhá chrádhadh ar bhealach éigín.Liosanna
“Tá lios eile thart ag an gCuirrín taobh thíos d'Aill na Deóire.”
3) Tá lios eile thoir ag an gCuirrín taobh thíos d'Aill na Deóire. Áit an-uaigneach ar fad é sin agus níl aon teach i bhfoigseacht leith-mhíle dhó. Déanamh cruinn atá air agus níl thart air ach sean-bhalla. Is deacair é a aithneachtáil ach tá sé níos ísle ná an chuid eile de'n talamh. Chonnaic sean-fhear sochraid ann fadó agus níl cur síos ar bith ar an méid sidheóga atá i n-Aill na Deóire i n-aice leis.- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway