School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 604
- XML “An Phaidir Gheal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Go mbeannuighidh Dia dhuit a phaidir gheal
Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit
Cé'r chodail tú 'reír
Mar chodluigheas Mac Dé
Cé gcodlóchaidh tú anocht
Mar codluigheas na boicht
Ce gcodlóchaidh tú san oidhche mbárach
Mar chodluigheas Pádraig.
Céard sin romhat?
Tá na h-aingle
Céard sin i do dhiaidh?
Tá na h-aspoil
Céárd sin ar do dheasláimh?
Trí bhraon d'uisge an Dómhnaigh
A chuir Muire liom ag déanamh an eolais go tí Pádhraig
Eochair Pádraig atá mé iarraidh
Eirghe Pheadair is glac mo láimh
Deán mo shíothcaín le Mac Dé.
Má ceadramh (?) ar mo thaobh Mac le Dia idir mé 'gus í
'S árd 's árd atá an ghrian
'S a dá diolán aiste síor
'S mairg a chroith 's mairg a chráidh
'S mairg nach raibh aran gcnoc údaigh tháll
Ag éisteacht leis an gclog binn á bualadh faoí'n mbinn.
Ní'l aoinne a bheith ag éisteacht leis an gclog binn
A bhualadh fá'n mbinn ar bhaoghal dó teine Ifreann go bráth.(continues on next page)- Collector
- Cáit Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway