Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 157](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_157.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 157
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 157
- XML “An Gadaí Óg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Cuir le bitheamtuigheacht é," ars an ghuth istig.
"Tá go maith," ars í ag filleadh abhaile.
Bhí Seán sa bhaile roimpe ina shuidhe cois na teine.
"Seadh a Mham, cad dubhairt mo Dhaid leat?"
"So súd orm ná fuil aon bhréag d'á innsint agat," ars an mháthair.
Ar maidin fuair sé a mhála bóthair agus scaoil roimis go dtí tig bitheamhanaig mór a bhí i nGleann Garbh. Dhein sé margadh leis é a mhúineadh chun bitheamhantuigheachta. Ní raibh Seán go holc chun na céirde in aonchor. Bhí an bitheamhnach mór ag múineadh gach céirde dhó amuigh is istig. I gcionn ráithe dúbhairt sé go raibh sé chomh maith aige triail a bhaint as an mbitheamhnach óg.
Bhí stail bhreágh ag fear inaice le Corcaig agus ba mhaith leis an mbitheamhnach críonna í a ghoid. Do bhí brat ar an stail sin a bhí lán do chloigíní agus chroitheadh sé é féin nuair a bheadh aon stróinséir timcheall. Bhí an duine uasal so ina chómhnuidhe tamall amach ó'n gcathair ar thaobh coille in áit ná raibh aon tig ach a thig féin.
D'imthig an bheirt bhitheamhnach leó gur chuadar go dtí cnoc a bhí ó's cionn tighe an duine uasail. Bhí an ghrian ag dul síos agus tráthnóna mór do ló ann.
"Raghadsa síos," arsa Seán, "agus tabharfhad liom é."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Catháin
- Inscne
- Fireann