Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 223
- XML “An tÉan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chúghainn agus teastuíonn uaidh an t-éan a bheith le róstadh aige i gcómhair na baineise," ars an garsún.
"O árduig leat síos chuige é p'é cuma a scarfhaimíd leis," ars an t-athair.
Dhein an garsún amhlaidh agus thug an Prionnsa deich púint do ar an éan.
Nuair a tháinig lá an pósta d'imthig an garsún leis síos go dtí tig an bphrionnsa agus bhí sé ag gabháil timcheall an tighe agus isteach is amach 'on chistin. Chonnaic sé éan ar an mbior ag an gcócaire agus í ag tabhairt árd aire do. Théigheadh sí timcheall na cistean ach d'fhilleadh sí airís go tapaidh ar an mbior agus í ag piocadh teine fé agus ag tabhairt an-aire dho.
Chuaidh sí go dtí'n bhfuinneóig uair agus rith an garsún go dtí'n mbior agus sciob leis croidhe an éin agus d'ith sé go tapaidh é. Tháinig an cócaire go dtí'n mbior agus bhrath sí an croidhe imthighthe ach ní dubhairt sí faic.
Chuaidh an garsún abhaile tráthnóna fé mar ba ghnáthach leis. Ní raibh fhios aige go raibh aon rud suaithinseach ithte aige. Cad a bhí scríbhthe ar chroidhe an éin sin ach aoinne a íosfhadh é go mbeadh an t-airgead fé na cheann gach aon mhaidean a eireóchadh sé. Bhí an fhios san ag an bprionnsa.
D'eirig an bheirt gharsún ar mhaidin agus nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Kerry