Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Kerry
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 439

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 439

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 439
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear ina chómhnuidhe i gCaisleán Ráth-Chonáin fadó agus bhí sé pósta agus taréis tamaill cailleadh a bhean agus phós sé arís.

    Bhí fear ina chómhnuidhe i gCaisleán Ráth-Chonáin fadó agus bhí sé pósta agus taréis tamaill cailleadh a bhean agus phós sé arís. Ní raibh an chéad bhean bliadhain curtha nuair a fuaireadar leitir ó Co. na Mhídhe a rádh leó go raibh sí féin na bheataid in áit áirighthe i gCo na Mídhe agus dul agus í thabhairt abhaile. Ní ní féin a sgríobadh an leitir inaonchor.
    Dúbhairt an leitir go raibh sé inaonfheacht leis na daoine maithe agus gur b'amlaidh a cuireadh sheana bhean na h-áit agus gur bí sin a cailleadh agus go raibh sí féin na beataid. Dúbradh sa leitir leis ná féadfadh aoinne í féin a thabhairt leó ach amháin a fear agus a úncail agus a aintín. Dúbhairt sí leis leó dul ag triall uirthi gan mhoill agus ná déanfadh sí féin aon díoghbháil dá fear ná dá bhean.
    Nuair a fuaireadar an leitir sa bhaile tháinig eagla ortha agus ní raibh fhios acu cad a dhéanfaidís. Chuadar go dtí an sagart paróiste ach go n-áirighthe agus thugadar do an leitir. Ní leigeadh sé sin dóibh dul ag triall uirthi inaonchor.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brigid Bean Uí Lubhaingh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    74
    Seoladh
    Cill na gColmán, Co. Kerry