Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Kerry
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 445

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 445

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 445
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta agus bhí aon mhac amháin aige.

    Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta agus bhí aon mhac amháin aige. Feirmeóir ana mhór dob eadh é agus bhíodh seisean buachaillí aimsire aige agus beirt cailíní aimsire. Bhí dhá thig cómhnuighthe aige agus do chodluigeadh sé féin agus a bhean agus a mhac sa tig ba dheise acu agus do chodluigeadh na cailíní aimsire agus na buacaillí aimsire sa tig eile.
    Bhí ag rith leó sa bhfeirm ar feadh a lán bliadhanta. Bhíodar ábalta ar spórt agus sgléip leis do bhaint as an saoghal.
    Tháinig droch bhróitheacht ar an athair uair agus cuireadh fios ar an ndóchtuir agus tháinig sé. Ní raibh faic ag an ndochtúir le déanamh don bhfear agus cuireadh fios ar dochtúir eile agus tháinig se.
    Bhí árd cháil ar an ndochtúir seo agus cheapadar go ndéanfadh sé maiteas éigint do. Dúbhairt sé sin leó é chur láithreach go Baile Átha Cliath go dtí an oidbuidéal agus deineadar rud air.
    Lár na mháireach tógadh go Baile Átha Cliath é agus chuaidh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Uilliam Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Seoladh
    Cill na gColmán, Co. Kerry