School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá baile ar a ngladhtar Gallarus Thiar in aice lé Baile na nGall. Tá fothrac ann ar a glaodhtar Séipelín Gallarus air. Tá sgeal mar gheall ar an séipeilín seo ach níl fhios againn an bfuil sé fíor nú nách bfuil. Seo mar a chualadh an sgeal.
Bhí fear bocht ag lorg déirche fadó agus do thárla go dtáinig sé go dtí Gallarus. Chuaid sé isteach go dtí tig éigin ann agus lorg sé loistín na h-oidhche ach ní bfuair sé é. Do chuir sé do treasna na ngort. Do bhí an oidhche fluich fuar agus ag cur sneachtaig. Do luig sé síos cois claidhe agus nuair a d'eirig sé ar maidin bhí an tig sin ós a chíonn. Tá sé tógtha le chloca agus tá se ann fós lé feiscint ag gac aoinne.- Informant
- Tomás Ó Maoleoin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry