School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)

Location:
Baile an Ghóilín, Co. Kerry
Teacher:
Dll. Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 782

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 782

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Page 782
  3. XML “Eoghan Rua agus an Sagart Paróiste”
  4. XML “Eoghan Rua agus an Sagart Paróiste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Eóghan Ruadh ag imteacht roimis uair amháin agus casadh an sagart paróiste leis ar an mbóthair. Bheannuigheadar dá chéile agus labhair an sagart le Eoghan.
    "Geobhair an chroc fós a chladhaire" ar seisean. Níor fhreagair Eóghan in ao'chor ach d'imthigh sé leis ag cur an bhóthair de. Tháinig sé go tig an t-sagairt agus chuaidh sé isteach agus d'iarr sé an chroc ar an seirbiseach, mar go ndúbhairt an sagart leis é fhághail. Fuair sé an chroc agus d'imthigh sé . Níorbh fhada gur bhuail an sagart leis agus do theasbáin sé an chroc don sagart agus dubhairt sé "Tá an chroc agam a athair" ar seisean.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Owen Roe O'Neill (~14)
    Language
    Irish
  2. Bhí Eóghan Ruadh i bparóiste éigint uair agus dubhairt an sagart paróiste ón altóir gan é a leigint isteach ina dtigthe in-aoncur mar nárbh ró mhaith an t-ainm a bhí ar Eóghan. Ní raibh aon áit ag Eóghan chun fanacht ann agus chuaidh sé go tig an t-sagairt agus dubhairt sé leis go gcaithfeadh an sagart féin é choimead i rith na seachtmhaine mar ní raibh aon áit eile aige. B'éigean do'n sagart é choimeád ar feadh seachtmhaine agus an Domhnach 'na dhiaidh sin labhair sé leis na daoine arís agus dubhairt sé nárbh aon díogbhail Eóghan a leigint isteach mar nárbh air féin a bhí an locht in aonchor ach ar na seanmná a bhíodh ag gabháilt dó agus ag cuir cathú air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.