School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuaidh triúir ban mhuilleann lá, olann, bean gabha bean saor báíd agus bean sclábhuidhe. Bhíodar ag bruighean féachaint cé gheobhadh tosach a' mhuillinn. Ní raibh fhios ag ag [sic] fear a' mhuilleann cad a dheinfeadh sé leótha ach dubhairt sé leótha an té is fearr a bheadh rún (rhyme) eainnte aige gurb é a gheobhadh tosach a' mhuillinn.Dubhairt bean a ghabha
Ná chuala sí féin riamh aon cheól ba bhinne
Ná ceathrar gaibhne ag deanamh cruidhte
I lá buirtéin [bellowing] agus lámh gach duine
Agus iad ag bualadh buille ar bhuille.Dubhairt bean saor bháid
Ná chuala sí fhéin riamh aon cheól ba bhinne
Ná ceathrar saor ag déanamh luinge
I lá búirteín agus lámh gach duine
Agus iad agh bualadh buille ar bhuille.Dubhairt bean a' sclábhuidhe
Ná chuala sí fhéin riamh aon cheól ba bhinne
Ná ceathrar sclábhuighthe ag déanamh clainne
I lá búirteín agus lámh gach duine
Agus iad ag bualadh buille ar builleFuair sí sin tosach a' mhuillinn.- Informant
- Dómhnall Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Occupation
- Oibrí feirme
- Address
- Baile an Mhathamhnaigh, Co. Kerry