Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear fadó ann sa droch saoghal. Bhíodh sé ag sclábhuidheacht ó mhaidin go h-oidhche. Bhí sé pósta agus lán tighe paístí aige. Bhí easpa an toac air agus dubhairt sé lena bhean bhúire éigin tobac do sholáthair do. Dubhairt sí go ndéanfadh.
Nuair do thaínigh sí abhaile d'fhiagraigh sé dí an riabh an tobac aice agus dubhairt sí na raibh, ná féadfadh sí é d'fhagháil ó aon duine mhuinteardha.
"Raghaidh mé ag triall ar Sprid an Teampaill féachaint an b'fhaighinn tobac" ar seisean.
"Ná dein , agus b'féidir go mbeadh rud éigin agam duit amáireach"ar sise.
D'fhan sé go dtí lá ar na bháireach agus bhí an fear bocht ag tuitim as a chéile gan an gal. Nuair a tháinigh sí b'é an scéal céadna é. Bhí an saoghal an chruaidh ar ghach n-aon.
Níor stad sé gur shroich sé bóthar an Tempaill, áit a raibh an Sprid. Shuidh sé in aírde ar an gelaidhe. Déarfadh aoinne gur annsan thiocfadh an Sprid. Sé deireadh sé leis féin "Dia le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Ainmneacha eile
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Patson Ruaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lios na Caolbhuí, Co. Kerry