Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 202

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 202

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 202
  3. XML “Muintir Mhurchadha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    m'anam, nach fada atá sí." Do thaínig sí annsan deire “Céad mile fáilte romhat , is mithid duit ceart”, ar seisean. “táim sé feadh na h-oidhche ag fanacht leat”. Tr’om i leith an píopa sin”.
    “Gheobhair é agus míle fáilte” ar sise. Do thairg sí an píopa do “Seo” ar seisean, “agus beannacht dé le d’anam agus le h-anamnaith I bhPurgadoír. Ma tá peaca ar t-anam go múscailidh Dia tú”
    Do tharraing sí stair mhaith do’n píopa í féin agus thairg sí chuige airís é an tarna babhta agus ghuid go ducrachtach le na h-anamnaithe I bhPurgadoír. Tharraing sé an píopa is ghuidh sé trí h-uaire le-n-a h-anam.
    “Sé do bheatha id’shaoghal is id’shláinte” ar sise “is fada do bheinn I bpiantaibh Purgadóireachta muna mbeadh tusa . Táim ullamh dul go Flaitheas anois. Téanam anois is tabharfaidh mé píopa is tobac duit”
    Do bhí tigh I geomhnuidhe in aice na roilige. “Téir anois” ar sise “cuir do lámh isteach agus tarraing an bolta agus beir leat an sluasad agus an ramhainn go dtabhairfaidh mé píopa is tobac duit”
    D’imthigh , is nuair do chualadar gach aon bhéic acu cheap na daoine gurbh’ é an Sprid a bhí ann. Chuadar isteach san roiligh, bhí tor sceiche gile ansan.
    “Bhí se ag romhar agus beadh sé ag romhar ag bun na sceiche gile”, bhí an eagla air bhí an poll dá dhéanamh cómh doimhin san.
    “Tá eagla teacht orm”
    “Ní gádh duit eagla , ní bhaoghal duit mise, tá an iomad anóis agam duit. Sáith síos do romhainn”.
    Do dhéin. Do bhraith sé mar bheadh leat. Ghlanadar mór teimpheall na lae agus thógadar an leac. Is amhlaidh a bhí dhá oighean óir agus iad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Ruaidhre
    Ainmneacha eile
    Pádruig Ua Ruaidhre
    Patson Ruaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Lios na Caolbhuí, Co. Chiarraí