School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán an tSeanduine
“A shean-duine shrionna ní caoi duit-se labhairt,”
[I]
A shean-duine chrionna ní caoi duit-se labhairt,
Le cailín ciúin meallsa atá ar mearaidhe mar táim,
Mar ba mha liom-sa an oidhche a thiubhrainn sínte led' chom
Ná bheith ar imeall na h-abhann ingiorrachtan mo bhádhaidh.
[II]
Ní chuirfeá-sa cóir orm, cóta ná gúna,
Róbaí fé'm' ghlúine ná pibín fé'm' brághaid;
Is ró-ghearr go dtógfad-sa mo sheolta chun siubhail,
Agus go bhfágfad sa chúinne thú ag seinmt crónáin.
[III]
Éist leis an spéir-bhean, agus dein-se mo chómhairle,
Nó beidh tú go cúthail idtigh do dhriothár.
[IV]
Thiubhrainn tae duit ar maidin, agus geal-bhainne gabhair,
buidéal d'fhionn-fhíon, agus gloine as gach láimh.
Ní ghlaoidhfinn ort ar maidin chun do bhó bheag do chrúdh,
Is do bheadh cailíní ag tnúth leat, feara is mná.- Informant
- Tomás Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Occupations
- Feirmeoir
- Oibrí
- Address
- Cruach Mhárthain, Co. Kerry