School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 321

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 321

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 321
  3. XML “Sliabh an Fhiolair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear 'na chómhnuidhe. Domhnall Criomhthainn b'ainm do. Bhí seachtar inghean aige agus ceann buidhe síos go talamh ar gach ceann acu. Bhí buadh ag an seachtmhadh cailín. Bhí mac aige agus ceann dubh air. Bhí piast sa loch Cill a' Riogh. Ós a chionn in áirde bhí an tigh aige. Ar scoil Cill Mhic an Domhnaigh bhí an buachaill ag dul, agus laistiar de'n loch a gheibheadh sé ar eagla na péiste.
    Bhí Donn Dubh ag teacht abhaile ó scoil lá. Bhuail fiolar chuige agus trí cinn de ghearrcaigh le n-a chois.Do thuit ceann acu ar an dtalamh agus ní raibh an léim léi. Rith sé 'na dhiaidh, rug sé air agus rug leis abhaile é. Bhí sé annsan agus gach aon saghas feola agus bídh aige dá dtabhairt dó agus min-choirce agus leamhnacht gabhair a gheobhadh sé féinig. Bhí sé ag dul ar scoil nó go raibh sé ina fhear, ocht mbliadna déag d'aois. Ní fheadair sé conus a chuirfeadh sé an phiast chun báis. Bhí sé á tabhairt fé ndeara agus nuair a gheibheadh sé 'na chodladh istoidhche bhiodh sé ag tógaint múir talamh nó go raibh sé chómh h-árd leis féin agus ag béal dorais an locha. Dhein sé geata iarainn go raibh trí spioraí . Chuir sé slabhradh mór fada air agus ghreamuigh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Mac Gearailt
    Gender
    Male
    Age
    c. 60
    Occupations
    Feirmeoir
    Oibrí
    Address
    Cruach Mhárthain, Co. Kerry