School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Dhéanfadh cúig puint mé" arsa Pádraig.
Thug an duine uasal cúig puint dó, agus chuaidh Pádraig abhaile.
"Cé'n scéal é' a Phádraig?" arsa Máire.
"Scéal maith" arsa Padraig. "Tá cúig puint agam".
"An bhfaca bean an duine uasail thú?" arsa Máire.
"Ní fhaca" arsa Pádraig.
"Fagh thusa bás anois, a Phádraig" arsa Máire , "agus geobhaidh mise go dtí bean an duine uasail agus déarfaidh mé go bhfuil tusa caillte."
Ghabh Máire suas go dtí teach an duine uasail agus labhair sí leis an maighistreás. "Cailleadh Pádraig" ar sise.
"Muise ní maith liom a bhás" arsan mhaighistreás.
"Muise níor chás liom-sa a bhás" arsa Máire, "dá mbeadh an oiread agam agus a chuirfeadh é".
"Gheobhaidh tú sin agus fáilte" arsan mhaighistreás, "cé méid atá uait?"
"Dhéanfadh cúig puint cúis," arsa Máire.
"Tá sin le fagháil agat" arsa'n bhean uasal, "agus gheobhfá tuille ach go mbeadh go bhfuil fear a' tighe imthighthe baile".
Tháinig Maire abhaile. "Éirigh suas anois, a Phádraig," arsa Maire, "tá cúig púint agam".
Bhiodar sásta go maith annsin le chéile.- Informant
- Páidín Ó Meádhra
- Gender
- Male
- Age
- Over 60
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Ros Muc, Co. Galway