School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 354

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 354

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 354
  3. XML “Seacht mBarraí i nGach Aon Iomaire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Agus an ceart agam" arsa'n sagart.
    "Dá mba dhóigh liom" arsa'n Saoirseach "gur leis an diabhal mé ní bheinn aon uair a' chluig ar an gcreideamh seo."
    "Bíodh sé mar comhartha agat" arsa'n sagart , "chómh luath is a chuirfidh tú do chos taobh istigh de'n Séipéal Catoiliceach tiocfaidh an meáth ar do chuid , ach tréis bliadnta eile casfaidh an rath ort airís agus beidh seacht mbarraí ingach aon umaire".
    Scaradar ó'n a cheile agus an Domhnach ina dhiaidh sin chuaidh an Saoirseach go dtí an Séipéal Catoilicighe agus d'éist sé Aifreann. D'fhill sé abhaile agus slán mar a n-innstear é fuair gach aon ghamhain a bhí aige bás de'n cheathramhain duibh. Chuaidh sé airís an Domhnach ina dhiaidh san mar dubhairt sé leis féin gur b'shin é comhartha ó Dhia, agus má chuaidh do milleadh gach léas arbhair dá raibh aige agus do fágadh bocht dealbh é. Mar sin féin, fear maith do b'eadh é agus níor theastuigh aon bhaint a bheith aige leis an diabhal, agus ní ibhfad ina dhiaidh sin do baisteadh é féin agus a chlann.
    Annsan na Saoirsigh abhí i gCill a' Rí, bhiodar san ar an gcreideamh Gallda leis. Seo mar a thárla gur iompuigheadar san. Bhí bligeáird éigin i gCeann Trágha agus d'innis sé do bhean an tSaoirsigh go raibh éileamh ag an Saoirseach ar chailín óg eile. Chreid an bhean é, agus ghoill sé go mór uirthe. Tháinigh an oiread san buaidhrimh aigne ar an bhfear féin dá bharr gur chuir sé deireleis féin. Ní bhiodh na fuinneoga ins na tighthe annsan mar na fuinneoga atá anois ann. Is amhlaidh abhiodh ionad na fuinneoige ann agus clár - saghas dorais- a chuirtí sa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Athair P. Mac an t Saoir
    Gender
    Male
    Age
    c. 33
    Occupation
    Sagart
    Address
    Killarney, Co. Kerry