School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ina cómhnuidhe i Sráid Eoin, tamall gearr ó'n lios ar a dtugtar Collier's Fort. Bean Uí Niallagáin b'ainm di. Bí beirt inghean aice agus triúr mac. Lá amháin tháínig fear, stróínséir go dtí an doras cuíche. Bhí culaith éadaigh dubh air. Do labhair sé léi."A bhean chóír," ar seisean, "ní éireochaidh leat coidhche do chlann do thabhairt suas anso."Annsan d'imthigh sé leis féin agus tamall ina dhiaidh sin d'éirigh Máire, an inghean ba shine abhí aice breoidhte, agus niorbh fhada eile go bhfuair sí bás. Igcionn bliadna nó mar sin chuaidh an cailín eile Siobhán amach lá, agus nuair abhí sí sa ghort inaice leis an lios so shleamhnuigh cos léi, thuit sí is ghortuigh sí a glúin. Nuair do tháínig sí abhaile chonnaic a máthair go raibh rian cruidh capaill ar an nglúin.B'éigean di an leabaidh do thabhairt uirthe féin ach ní ag dul ibhfeabhas abhí sí ach ag dul in olcas in aghaidh an lae. Bhí sí cómh foirbhthe sin go raibh an mháthair cinnte nábh í féín a bhí ann in aon chor ach iarlais éigin. Sa deire fuair sí sin leis. Ach mhair na buachaillí. Tá duine acu beo fós ach tá sé ait beagáínín.
- Informant
- Eibhlín Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Occupation
- Bean rialta
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry