School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Page 372
- XML “An Iarlais”
- XML “An Chéad Bhean Chéile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dún Caoin ann.
- Bhí muinteoir d'arb'ainm Micheál Ó Cinnéide i Muirbheach. Is i mBaile na nGall abhí cómhnuidhe air, ach bhí sé ag múineadh i Muirbheach.Bhí sé pósta le cailín de mhuintir Uallacháin agus bhí an eitinn sa chlann sin.Ní rabhadar ach cúpla mí pósta nuair b'éigean di an leabaidh thabhairt uirthe féin agus níor fhág sí riamh í nó gur cuireadh ar chlár í tréis bunóc do bhreith.
Phós an fear airís tréis cúpla bliadhan nó mar sin agus gar-iníon do Cháit bean Uí Chonchubhair , cailín d'ar b'ainm di Siobhán Duccam, a phós sé. Chómhnuigheadar san leis i mBaile na nGall. Lá chuala máthair an chailín nua-phósta go raibh Micheál an-bhreoidhte, is go raibh fuil d'á chaitheamh suas aige. Baineadh preab aiste, cheap sí gurbh' é a bhás é agus d'ullmhaigh sí í féin dul á fhéachaint. D'iarr sí ar bheirt bhuachaill de mhuintir Chonchubhair dul ina teannta. Fuaireadar cárr cliathánach , cheannuigh an bhean lón mór agus d'imthigheadar leo féin am éigin ingiorracht do mheadhon-oidhche.
Is dócha go raibh am marbh na hoidhche ann nuair do shroicheadar crosaire idir an Daingean is Muirbheach. Níor bhraitheadar faic nó gur iompuigheadh an cárr(continues on next page)