School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sheomra fein. D'innis Gallus na gCos nDubh dó go raibh a inghean slán aige dó ach ní chreidfeadh an rí é. Annsan thug Gallus an leitir . Léigh an rí í agus bhí fhios aige ná feadfadh aoinne ach a inghean féin an leitir sin do scriobh. Chuir sé iomad ceist ar Ghallus na taobh ach ní fhreagróchadh Gallus aon cheann acu.
D'ullmhuigh an rí é féin annsan, agus ghluais sé mar aon le Gallus na gCos nDubh agus gárda mór dá dhaoine féin. Thángadar go dtí Clais Mhór, chonnaic sé a inghean , d'aithnigheadar a chéile agus rugadar barróg fhada ar a cheile. Ach ní raghadh an cailín abhaile gan Gallus, dubhairt sí ná pósfadh sí aoinne eile coidhche ach é. Annsan fuaireadar beirt fhear agus dheineadar san Gallus do nighe agus do sciomradh , agus chuireadar culaith bhreágh éadaigh air agus broga nuadha is stocaí. Chaitheadar da mhí ag iarraidh é mhuineadh conus siubhal ins na bróga, agus annsan thugadar do'n bhFrainnc é. Ach pé nídh do thárla ní phósfadh sé an cailín thall sa bhFrainnc, agus ní fhanfadh an cailin ina dhiaidh. Bhronn an rí a lan airgid air, agus chuir sé gárda in aonfhacht leis,agus thángadar tar n-ais go Clais Mhór agus bhiodar go sona sásta ann.- Informant
- Micheál Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Iascaire
- Address
- Portmagee, Co. Kerry