School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 069

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 069

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 069
  3. XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chualadar an cogadh go léir amuigh. Agus seo amach le h-Ubhall chúcha.
    Do bhuail sé buille dá Slaitín Draoidheachta ortha agus do mhairbh sé gach a raibh ann díobh.
    Nuair a bhíodar go léir sínte aige, do chonnaic sé a teacht fé 'na dhéin Cailleach mhór draoidheachta agus corn 'n lámh aici, agus thosnaig sí ag cur bluíre as an gcorn i mbéal gach éinne aca.
    Do luig Ubhall siar ar an dtalamh chómh maith is dá mba go raibh sé marbh, agus nuair a bhí sí ag cur bluíre chun béil an t-é ba ghiorra dho, do rug sé ar an gcorn agus thuit sí marbh fé, mar bhí an chuid eile. An méid díob gur thug sí an cineál dóibh as an gcorn is amhlaidh a bhíodar a teacht chúcha féin arís tar éis Ubhall a marbhú, agus dá ritheadh leis an gCaillig. Bheidís go slán follaín arís.
    Ach thug Ubhall fútha an méid a bhraith sé ag teacht cúcha féin arís, agus dhein sé gnó glan díobh an turas so.
    Chuaidh sé isteach annsan arís go dtí muinntir an ríghe sin agus dúbhairt sé leo gan a thuille eagla do bheith ortha, mar go raibh an draoidheacht imighthe de'n áit, agus go mbeadh suaimhneas aca go bréth arís.
    D'imig Ubhall annsan chun siubail é féin 'sa buachaill, agus bhíodar ag cur díobbh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Dheada
    Gender
    Female
    Age
    14
    Informant
    P. O' Mórdha
    Gender
    Male
    Age
    89
    Address
    Cé Bhréanainn, Co. Kerry