School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go dtí lár an lae lár-na-mhaireach. Bhuail tig eile leo timpeall an dtráth san agus fear am tighe sin ar an dtaobh amuigh de dhoras.
Do chuireadar aighneas air, agus sa chainnt dóibh dúbhairt sé leo go dtabharfadh sé óstuidheacht na h-oidhche sin dóibh agus fáilte, ach go raibh an cat draoid[h]eachta 'na thig aige, agus go raibh an catsan ana chrosta. Chuadar isteach agus ní fada bhíodar ann gur léim an cat anáirde as an stól agus chuir sé na liodáin [leadáin?] ar am mbuachaill agus do chaith sé isteach i mbarraile nimhe é. Do lím Ubhall agus bhuail sé an cat leis an Slaitín Draoidheachta agus do chuir sé é anáirde san aer.
Bhí brón ana-mhór ar Ubhall a bhuachaill di bheith marbh astig sa bharraille agus a bhanrioghan imighthe le ná dhrotharacha, agus gan éinne anamacht leis anois. Do bhí fear a' tighe agus a bhean ar gach taobh den dteine, ach má bhíodar, tháinig an Cat arís isteach an doras agus shuidh sé le h-ais na Sean-mhná. Do bhuail an t-seana-bhean an cat agus chuir sí anonn go dtí an sean-fhear é.
Do bhuail an Seanduine é agus chuir sé tar nais arís é. Bhíodar mar sin ar feadh tamaill, ach ar deire d'eirig Ubhall 's sciúirséail sé iad leis an Slaitín Draoidheachta. "Eirigh!" ar seisean leis an Seanabhean agus pioc gach aon chnámh atá sa bharraile, agus cuir le chéile iad.
[[ leanamhaint ar seo leathanach 99 ]](continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- P. O' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry