School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
![The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 149](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_149.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 149
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)149/
d'fheiscint ar bharra na fairrge.
Bhí sé ag imeacht mar sin ar teorainn an chósta, ó bharra taoide go lag trágha, agus ar deire thiar thall do caitheadh isteach ’an “Sáilín” é ar an dtalamh tirm. Do tháinig sé amach as an mbaraille annsan, agus do bhuail feirmeoir leis, agus d’fhiafruig sé dhe an raghadh sé ag obair chuige go ceann bliana. Dubhairt sé go raghadh, ach ná tógfadh sé aon págh uaidh ar feadh bliana. Do chuadar abhaile le cheile, agus nuair a bhí an bhliain suas, agus iad ag tabhairt uisce de’s na capaill taréis lá treabhtha cé bhuailfeadh ar an mbothar leis an sagart ach bean siubhail, agus dhá phollóig istig i gciseán aici, agus í á ndíol.
“An mór atá ar na pollóga agat?” arsa an Sagart Óg. “Leath-choróin”, arsa an bean, “agus gheobhair an ciseán ’na dteannta.”
Do dhíol an Sagart Óg as an dá phollóig agus as an gciseán chómh maith, ar an bhfód. Tug sé abhaile iad, agus nuair a bhí an seirbhíseach á nglanadh do glaodhuig sí ar an sagart.
Cad a bheadh ná an eochair istig(continues on next page)- Collector
- Padruig O Seaghdha
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Informant
- Eamon Ó Neill
- Gender
- Male
- Age
- 60