Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 149](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_149.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 149
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)149/
d'fheiscint ar bharra na fairrge.
Bhí sé ag imeacht mar sin ar teorainn an chósta, ó bharra taoide go lag trágha, agus ar deire thiar thall do caitheadh isteach ’an “Sáilín” é ar an dtalamh tirm. Do tháinig sé amach as an mbaraille annsan, agus do bhuail feirmeoir leis, agus d’fhiafruig sé dhe an raghadh sé ag obair chuige go ceann bliana. Dubhairt sé go raghadh, ach ná tógfadh sé aon págh uaidh ar feadh bliana. Do chuadar abhaile le cheile, agus nuair a bhí an bhliain suas, agus iad ag tabhairt uisce de’s na capaill taréis lá treabhtha cé bhuailfeadh ar an mbothar leis an sagart ach bean siubhail, agus dhá phollóig istig i gciseán aici, agus í á ndíol.
“An mór atá ar na pollóga agat?” arsa an Sagart Óg. “Leath-choróin”, arsa an bean, “agus gheobhair an ciseán ’na dteannta.”
Do dhíol an Sagart Óg as an dá phollóig agus as an gciseán chómh maith, ar an bhfód. Tug sé abhaile iad, agus nuair a bhí an seirbhíseach á nglanadh do glaodhuig sí ar an sagart.
Cad a bheadh ná an eochair istig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Padruig O Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Eamon Ó Neill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60