Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 152](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_152.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 152
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'fhiafhruigheadar di cá raibh an téadán go raibh sí á' tarrac 'na diaidh, nó cad é an brígh a bhí aicí leis? Dúbhairt sí go raibh sé amuith i seómra bainne a bhí ar an dtaobh amuigh den dtig.Chuadar amach 's d'oscluigheadar an doras, agus is amhlaidh a bhí barraile mór annsan ná feacadar a leithéid riamh le méid; ach ní raibh aon rian den téadán le feiscint. Cuirimis ar nguailnibh i dteannta ar siad le chéile feuchaint cad tá fé'n mbarraille seo. Do dheineadar; agus nuair a bhogadar ó'n dtalamh é, chonnacadar an téadan agus é go léir smeartha le h-ím. Do leagadar an barraille. Tharraigeadar amach an téadán, agus thugadar leotha abhaile é go hArraGleann, agus ó'n lá san amach, níor bhraitheadar luigheadú a dul ar a gcuid ime.Mícheál O Fín 60 bl. a chualaidh ó'na atair. Ná maireann.
- Faisnéiseoir
- Mícheál O Fín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60