School: Castlerock N.S. (roll number 13242)
- Location:
- Drummartin, Co. Sligo
- Teacher: Frank Haran
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Castlerock N.S.
- XML Page 005
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sean-fhear beag thíos i gCúl Carnaigh. Théigheadh sé amach 'cuile oidhche ag cuartaidheacht.”
(continued from previous page)dhom dul libh. Tá gnaithe agam 'un na Róimhe go bhfeicidh mé an Pápa. Tá beirt shéiplineach Attmas agus Buniconlon. Tá siad ag troid agus ag caisíneacht agus níl aon chumhacht ag ceachtar aca thar an bhfear eile. Caithfidh mé a dhul ag an bPápa go bhfághaidh mé an paráiste in a dá leith eadorra. Déanfaidh gach duine aca a gnaithe féin annsin.
"Chuaidh sé isteach sa mbád 'na gcuideachtain. Bhog siad leo-fa go ndeacha siad 'un na Róimhe."
"Cá bhfuil sinn anois" ar siad."
"Níl a fhios agam" ar seisean.
"Táimid sa Róimh" arsa siad.
"Tá sé chómh maith dom-sa dul amach go bhfeicidh mé an Pápa" ars an sean-fhear.
"B'fhéidir nach leigfidhe isteach thú" arsa na fir.
"Níl a fhios agam" ar seisean.
Thug siad dhá chloich bheaga dhó.
"Caith ceann aca seo isteach" ar siad-san.
"Cuirfidh sé an párlús tré theine".
Amach leis an Pápa, slipéirí air, a chóta bainte dhe agus a mhuinchille cnaipthe suas aige. Bhí an sean-fhear beag 'na sheasamh amuigh os a chomhair.
"Má thugann tú aon impidhe amháin dom a iarrfas mé ort a onóir" ar seisean.
"Cuirfidh mé as, an teine gan ceó bheith dóighte"
"Rud ar bith a thig liom a(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Chearbhall
- Gender
- Male
- Address
- Letterbrone, Co. Sligo