School: Leithead
- Location:
- Lehid, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ó Droumbohalla ag dul go dtí an cnoc aon tráthnóna amháinag lorg a chapaill. Bhí ceó ar na cnocaibh agus chuir se cóta anuas ar a cheann. Níor éirigh leis an capall do thabhairt abhaile leis mar bhí an ceo róthrom ar an gcnoc agus b'éigin do filleadh abhaile arís gan an capall. Núair a bhí sé ag teacht aníos an bóthair do leag bean é agus ní raibh aithaine aige ar an bean agus dúbhairt sé leis narbh bean ón saoghal seo í.Pé scéal é do leag an bhean í agus taréis tamaill rith sé, acht má rith, rith an bhean na dhíagh acht ní raibh sí ábalta breith air. Núair thánaig sé go dtí tig Sheáin Uí Sheaghdha do scuib sí an cóta as a cheann. Thánaig eagla mór air agus rith sé chómh maith is a bhí sé ábalta. Núair nár éirigh léi teacht súas leis do leag sí trí lúigh aisti agus ní fheaca sé a thuille í. Núair thánaig sé go dtí mo thighse thánaig sé isteach agus chúaidh sé na laige. Taréis tamaill thánaig feabhas air agus chaidh se abhaile.
- Collector
- Máighréad Ní Chathasaidhe
- Gender
- Female