School: Leithead
- Location:
- Lehid, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cúaidh. Núair a tháinig sí isteach abhaile d'oscail sí na mála agus léim a inghéan amach ó cheann dos na mála. Ins an ceann eile bhí óír agus airgead.
- Bhí páiste óg i Láithreach fadó. Bhí sé go láidir, folláin, acht aon lá amhain bhí a mháthar amuich fé dhéin na mbó. Núair a tháinig sí isteach connaic sí go raibh an páiste go bán agus go lág.An úair ceadhna bhí cómhursan don mban san ag teacht abhaile ó'n Séipéil, agus connaic sé bean agus páiste na bhaclainn aici. Bhí aithne aige ar an páiste agus thóg sé on bean é. Dimthig an bean sídhe as radharc annsan.Thóg an chómursan an páiste abhaile, acht núair shrois sé an tig bhí páiste eile san clíabhán. Bhí iongnadh ortha go léir agus cúaidh duine go dtí an sagart agus dinnis sé an sgéul do. Tháinig an sagart, do dhein sé teine mór amuich san clós agus caith sé (?) an sídhe-bhean isteach(continues on next page)
- Collector
- Máirín Ní Ghealbhain
- Gender
- Female
- Informant
- Séumas Ó hUrdail
- Gender
- Male
- Age
- 27