School: Leithead
- Location:
- Lehid, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí Seán Ó Seaghdha amuich ag siubhal aon oidhche. Bhí sé ag siubhal ar an mbóthair agus connaich sé TRÍUR do ceathrar fear fé coifín. Bhí scata mór de dhaoine indhíadh an coifín. Bhí glúaisteáin ann leis. Bhí ionghnadh mór air mar ní raibh glúaisteán ag aoinne mór dtímcheall. Do bhí eagla air agus cúaidh sé isteach tre 'sna páirceanna. Do bhí an tsochraíd ag dul ar an mbóthair. Bhí sé sin ag rith ar eagla go dtagadaís súas leis. Níor thagadh ámhthach. Chúaladh sé glór dhá rádh, "is mór an náire dhuith bheith ag rith ó socraid do dhriofúr." Do bhí ionghnadh air conus a bheadh sé sin socraid a dhriofúr, act ar an lá na dhíaidh sin fúair sé litir go raibh a dhriofúr marbh in America.
Seán Ó Seaghdha féin a bhí ag innsint dom an sgéul san.- Collector
- Máirín Ní Ghealbháin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Seaghdha
- Gender
- Male