Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Diarmuid Ó Sheaghdha ná Diarmuid Ruadh na Bolgaí. Fíle do mhair sa gCaol i bparóisde na Dromaide tímcheall caogadh blain ó soin. Seo ceann dá amhráin a chum sé ag moladh Tadhg Ó Sheaghdha cómharsa dó agus duine dá threibh
Ar an gCaol nó i ngaolmhar cois Íne
Tá an séimh-fhear breág , mín-tais gan cham.
Ramh chalice do mhaitheas na dtríreamh
Is tá fuinneamh ‘na chroidhe is in a chnámh
Is craobh cosanta pobul dá bhuidheann é
Is ní ghéillfeadh sé choidhthe dá námhaid
Is dá leíghfinn-se le réifeacht leabhar diadhachta
Ní fheadfainn cur síos ar a cháil
II
A cháile ní náir’ domhsa innsint
Mac a’ deigh-athair nó caon-bhruinneall shuairc;
Fear grádhmhar deagh-cháileach na dtaoiseach
Ná fuil doicheall in a chroidhe súd ná gruaim(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Chonnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceapaigh na gCrann, Co. Kerry