Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 016

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 016
  3. XML “Diarmuid Rua na Bolgaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An té bheadh i ngábhtar gabhail chun a thighe
    Níorbh aistear dó oidhche thabhairt ann.
    Is ceannas an fhaid mhairfidh dá bhuidheann é
    Is do bfeárrde cois Íne dá mbeadh buan.
    III
    ‘Sa Taidhg’ ach Dómhnaill go deo guidhim buadh séimh lea?
    Faraire gleasta gan smáile.
    Do’n fhoisgeallach sgoth na Milesians.
    Do thaisdeal go h’Éirinn ó’n Spáinn
    I gclár banban thug fear t-ainim an sway leis
    An marcach ba thríne le fághail
    Is gur ó’n Ruachtaig do bhauidh Mac Uí Seaghdha an bra?
    Sin buaidh ar an éileamh go bráth
    IV
    Tá a cháirde fial , fáilteach mór dtímcheall
    Go fairsing do’n réics fhuill is féarr.
    Breed Chairbreach do mhaithibh na dtaoiseach
    Agus Conal nár ghéill raimh dá námhaid
    An marcach mánla rosg-maordha
    Agus buaidh sé an Muir braonach sa rás
    ‘Sis é Diarmuid uasal do thug an bád mór leis in-a aonar
    Tré thonntaibh bhuidhe-bhearra an Bhunáin
    V
    Guidhim-se stuairc chúin , stuamdha mar mhnaoi chugat
    Ainnir do’n tír is do’n áit
    Go mbeidh alta bréagh leanbh in-a tímcheall
    Is tú ag deanamh dín dóibh gach lá.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Chonnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí