School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 041
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is tháing an capall ba lugha sa pháirc chuige – an bramaichín gioblach – agus thug sé leis go dtí an máighistir é. “Maith a’ buchaill , a Séainín “ ar seisean , “ deánfair an gnó.”
“Sé an rud a deánfair anois ist oidhche amáireach “ ar seisean “dul fé dhéin an tíghe seo áirighthe is ann atá cailín óg – dein í thabhairt chugam is tabharfad míle púnt duit “
“Ó “ ar Seáinín leis féin “Cad a dheánfad in aon chor , tá mo cheann dióm anois nó riamh. Do chuimhnig sé ar plean. D’imthig sé fé dhéin doctúra. Dubhairt sé gur chuir a mháighistir fé dhéin stuif é a chuireadh codhladh air mar go raibh an máighistir breoite. Thug sé dhá punt dó is dubhairt gurb é a mháighistir a thug dó é. Níl aon dabht ná gur thug sé gog maith dhó. Chuaidh sé fé dhéin tíghe na mná óige. D’iarr sé loísdín na hoidhche. Do fuair sé é agus suípeár maith le n-ithe. Theasbáneadar a leabaidh do is dubhradar leis dul a chodhladh ach níor chuaidh Seáinín ar aon chodhladh. Cuaidh sé ag faire na mná óige feuchaint cé’n seomra ‘n a raghadh sí a codhladh. Nuair a cheap sé go raibh sí ‘na codhladh chuaidh sé isteach san seomra in a raibh sí. Caith sé an stuif a fuair sé ó’n doctúir uirthe. Thóg sé anáirde ar a drom í is chuaidh sé fá dhéin tighe a mháighistir. Ó! Bhí an máighistear ana shásta. Thóg sé leis í sa phárlús. Ní iósfadh sí aon nídh uaidh.
Nuair a bhraith an t-athair is an máthair uatha í ar maidin chuireadar ráfla amach feuchaint(continues on next page)- Informant
- Síghle Ní Conaill
- Gender
- Female