School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 079
- XML “Croch Gheal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí dritheár ag Aristotil dárb ainm an Bárd Scológ agus san am san ní raibh sa domhan , thoir ná thiar aon beirt ba mhó foghluim ná ud. Bhí tríur mac aige seo mar fhear agus ní raibh aon nídh fé flaithis Dé, ná i bpáirt de sin féinig ná go raibh eólas aca air. Bhí aon trí ceisteanna amháin a chuaidh díobh san a réidhteach. Scéaluidhe a bheadh an té ba shine acu, n’fheadar sé clocu ba ghiorra dó gaol athair nó a mháthair. Fear adhmuid a gearradh a bheadh an tríomhadh mac, trial sé sin gach aon cúinse ní ba géire ná a chéile feachaint clacu ba shia uaidh iochtar an domhain nó an spéir anáirde. Chaitheadar é thabhairt suas.
Dubhradar go raghaidís go hAristotil chun fios fághailt ar na trí meithibh seo agus ná n’eósaidís a ngaol dó. D’imthígheadar ó dhúthaigh go dhúthaig gur shroiseadar an domhan thoir. Nuair a bhíodar i ngarraidh do thig Aristotil chuaidh an té ba shine fe’n a déin is d’fhiafraigh de a dtabharfadh sé aimsear do. “Cad is féidir leat a dheanamh dom?” arsa Aristotil . “Neósfad scéalta breágta duit” adúbhairt an buachaill. “Cuinneóchadsa go ceann ráite tú”. Arsa an máighistir. Fé cheann tamaill de’n lae bhuail a’ tarna mac isteach, is d’fhiafruigh dhe a’ raibh(continues on next page)- Informant
- Tadhg Mac Giolla Coda
- Gender
- Male
- Address
- Tuairín Uí Dhuinnín, Co. Kerry