School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 087
- XML “Croch Gheal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D’imthigan gárda amach ag gabháilt párdún leis an mnaa chuadar ar ais chun an ríogh agus dubhradar ná raibh aon maith sa chómhairle. Chuir sé fios ar an nDall Bán airís agus tháinig sé .
Sé an chómhairle a thug sé do an tam sé. Cuireadh a thabhairt d’óg is d’aosta agus oidhche thabhairt dóibh. “Cuir tinghean fé ghlas” ar sé “ agus má théigheann aoinne fé’n a déin sé an fear a ghoid an banbh é. Tug sé buidéilín do’n rígh. “Tabhair é sin dot inghean agus cuirfidh sí cros de air agus annsan is fuirist é aithiúnt” ar seisean.
Tháinig an oidhche, bhí ceol is ol is rínnce aca. I lár na hoidhche bhíodar go léir caithte ar meisge ach amháin príntíseach fear na bpeiginí. Ar shlíghe ciúinsiúl éigin chuaidh sé a’trial ar inghean an riogh sa tseómra. Chuir sí cros ar a éadan. Ach níor theip riamh ar mac na Bárd Seolóige ghoid sé an buidéilín uatha agus níor fhág sé aoinne óg na aosta gan croisín a chur air. Annsan chaith sé é féin in-a fhear marbh ‘n-a ‘measg.
Ar maidin tháinig an rí agus ghárda. D’óscail sé an doras a bhí dúnta go daingean ó’n dtaobh amuig. D’éirigh fear nuair a chonnaic sé an doras oscailte. “ Tá beirthe ort a bhuachaill” arsan rí. “Cad é an coir atá deanta agam?” arsan fear. “Coir do chrochta” arsan rí seo amach fear eile agus a chros air. “ Bhí beirt acu ann” arsan rí. Bhíodar go léir ag eirighe agus a chros ar gach aoinne. “ O m’inghean m’inghean” arsa rí.
Ghlaoaidh sé chuige a chómhairle feach cad ba cheart a dheanamh leis an nDall Bán. Dubhradar leis béilíghtheach mhór teine do(continues on next page)- Informant
- Tadhg Mac Giolla Coda
- Gender
- Male
- Address
- Tuairín Uí Dhuinnín, Co. Kerry