School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 135
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ón ngleann seo ag dul go dtí Aonach na Snadhma chun croicinn bó do dhíol. Tharla ámh go raibh an lá fluich agus chuaidh an fear isteach i bpluias chun é féin do choiméad tirim. Nuair a thaínig sé amach bhí an-ceo ann is ní fheudhfadh sé dul níos sia. Chuaidh sé isteach airís mar ní raibh aon ghlanadh ag teacht.
Timcheall tuitim na h-oidhche bhí an-fhuacht ag teacht air agus chuir sé an croiceann n-a thímcheall chun é féin do choiméad ? tirim. Bhí sé ann go dtaínig an mheodhan-oidhche thaínic dhá sionnach an treo agus isteach leo sa phluais. Thosnuigheadar ag ithe an chroicinn. Le n-a linn len d’eírig an fear is caith sé an croiceann anuas ortha agus é féin anuas ar an gcroiceann go rabhadar múchta oige. Annsan bhain sé na croicinn díobh is bhí trí croicinn aige in ionad aon cheann amháin.
Fuair sé luach maith ortha ag an Snaidhm lár n-a mháithreach is tháinig sé abhaile bog súgach go leor- Informant
- Siomóin Ó Ceallaig
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Na Grága, Co. Kerry