School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)
- Location:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuileannach (C.)
- XML Page 316
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cuilleanach is ainm don bhaile in a bhfuilim im chómhnuidhe. Fúair sí an t-ainm sin mar gheall ar na crainn Cuillinn atá ag fás ann. Tá sé suidhthe i bparóiste na Túatha. Áit ana mhór iseadh é agus tá sé roinnte i dhá leath, Cuileannach Thúaidh agus Cuilieannach Theas. Tá timcheall triochadh tighthe i mo ceanntar anois ach fadó ní raibh ann acht timcheall fiche. Tíghte bréaghta slinne iseadh an chuid is mó diobh. Talamh maith chuir iseadh furmhór na talmhan atá innte agus dá bhrígh sin feirmeóirí iseadh an chuid is mó des na daoine.Abha na Spideóige iseadh an abha is mó atá innte. Fúair sí an t-ainm sin ins an slíghe leanas - Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag iarraidh uisge na habhann do chur isteach i críathar, agus bí Spideóig ann leis ar an droichead agus dubhairt sé leis an críathar do smearadh le cré agus deirigh leis é do dheanamh. Ón lá san go dtí an la indiu tugtar "Abha na Spideóige" ar an abhainn san.(Ainm agus seoladh don té a thug an méid eólas thuas im bearla dom)(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Address
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Chonchubhair
- Gender
- Female
- Address
- Cullenagh Upper, Co. Kerry