School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)
- Location:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuileannach (C.)
- XML Page 345
- XML “An tAonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Muna mbeadh na h-aontuighthe san gceanntar so ní bheadh aon airgead le faghail ag cuid d'es na daoine mar is ag díol muc is banbhaí a mhaireann cuid des na daoine. Bíonn alán aontuighthe fén dtuaith fadó agus níl siad ann anois in aonchor ach táid ins na bailte móra. Cuir na ceannuighteoirí na h-aontuighthe ins na bailte móra ar bun mar thuig said go ba mhór an áis dóibh iad a bheith ins na bailte mhóra.
Tá páirc mór i gCíll Gobnait. Bhí aonach an Pháthrúin ann sar'rar cuireadh i gCíll Orglan é. Tugtar "páirc an Pátrúin" uirthe ó shoin. Tá páirc mór fé leith i gCíll Orglan agus i gCíll Áirne agus gac lá aonaigh bíonn sluagh mór daoine ins na páirceanna san agus ainmhidhthe á ndíol nó a gceannac acu go léir. Dá mbeitheá ann cloisfeá ba ag géimrigh tairbh ag búirtigh agus fir ag lúisgrigh (?).Ar chuid des na h-aontuighthe tugtar "tóll" an ceann ar gac beithidheach a díoltar. Bíonn fear ag an Stáisiúin agus don bhfear so a tugtar é. Uaireannta tugtar raol an ceann dó agus uaireannta eile tugtar leath raol do. Bíonn aonach mór i gCíll Orlgan gach bliadhain agus bíonn daoine ó gach árd ag an aonac so. "Aonac a' Phuic" a tugtar air mar bíonn púcán gabhair in áirde i mbosca agus bíonn sé ag ithe cabháiste.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Súilleabháin
- Gender
- Female
- Informant
- Donnaca Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Gortboy, Co. Kerry