Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)

Suíomh:
Cullenagh Upper, Co. Kerry
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 379

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 379

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuileannach (C.)
  2. XML Leathanach 379
  3. XML “Arán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is mór an difireacht atá ar an saoghal anois i gcómpóradh leis an saoghal a bhí ann fadó. Ní raibh aon nídh ag na daoine fadó mar atá acha anois. Ní raibh aon plúr atá le díol ins na siopaí anois acha fadó. Bhí plúr déanta de cruithneacht acha. Ní mheilidís an cruithneacht san in aon-cor, ach bhí áit áirithe acha ar bharr chnuich mhóír. Bhí dhá chloich acha, agus buailidís an grainne i gcoinnibh na gcloch san. "Bróíne" a tugtaí mar ainm ortha, agus níl aon cheann acha ann anois. Bhíód arán déanta de "mín bhuidhe" acha leis, agus "arán buidhe" a tugtaí amr ainm ar an arán san.
    Deintí "stampí" de prátaí leis. Deineann chuid des' na daoine anois é. Bácailtí an t-arán i greidill. Bhí sé mar nós ag na seana daoine fadó císte mór do déanamh i gcómhair gach féíle, agus deintí pan-cóga i gcómhair "Máirt na h-Inide" agus tá sé nós ag muinntear na h-Éireann fós. Ní deineann muinntir an lae indiu aon arán mar seo. Ní deintear árán de "mhín bhuidhe" ach leis an bplúr a ceannuigthear ins an siopa, agus sé an fáth go bhfuilid ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síle Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carhoonahone, Co. Kerry