Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 367
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuirimíd prataí ar an bhfeirm sa bhaile, agus ullmhuigheann m'athair an talamh na gcóir. Ar dtúis deintear an pháirc do threabhadh leis an gcéachta, annsan deintear driollanna agus cuirtear aoileach amach ar na driollanna. Annsan thagann chuid de na chomhursain ag cabhrughadh le muinntir an tighe, chuid air ag gearradh síl agus chuid eile acha ag á gcur. Muna mbeadh súil ins go sgiollán ní fhásfadh sé in-aonchor.
Nuair a bhíonn na sgiolláin ullamh deintear poll ar an aoileach agus chuirtear cré suas leó. Fágtar ann ar feadh tamaill iad, agus cuirtear ach cré suas leó arís. Roimh iad do bhaint agus deintear poll mór ar an dtalamh leis an rán agus cuirtear na prátaí isteach ann. Fágtar ann an feadh mí nó mar sin iad, agus ansan tógtar isteach agus cuirtear i dtigh iad.
Ní úsáidtear cheachtaí admhaidh anois(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cooleanig, Co. Kerry