School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)
- Location:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuileannach (C.)
- XML Page 371
- XML “Ainmhithe na Feirme”
- XML “Scéal i dtaobh Bó a Chaill A Cuid Bainne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siad na h-ainmhidhthe atá againn sa bhaile na ba, gamhna, mucha, cránta, capaill, searraigh, banbhaí, agus is íad seo na h-éanlaithe feirme atá agiann ná cearca, sicíní, turchaithe, géadna. Ocht gcinn de búaibh atá againn sa bhaile, agus siad na h-ainmneacha atá ortha ná Róis, Druimin, Cainí [?], Cúibí, Beauty, Daisy agus Kerry. Sé an t-ainm a thugaimíd ar tig na mbó ná "cró na mbó" Cuireann chuid des' na daoine aitinn agus lúachar agus tuíghe mar eascair fé na búaibh. Sé an ceangal a chuireann cuid des' na feirmeóirí ar na búaibh ná rópaí timhceall a nadarch agus má tá aon bhó crosta ann, cuirtear spansail ar a cosa. Cuireann chuid maith feirmeóirí slabhraidí ar mhuinéal gach bhó anois. Fadó dheinidís ropaí féar nó tuighe cun ceangeal agus búrchán ar deire taoibhe amháin de cun bó do ceangeal.
- Collector
- Éibhlin Ní Laoghaire
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Ó Cobhthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Carhoonahone, Co. Kerry
- Bhí bean ann fadó agus ní fhuair sí aon ím as bainne na mbó. Chuaidh sí go dí duine críona, tuighsionnach, a bhí in-a chómhnuidhe in-aice leí, agus d'innis sí a cás dó. Dubhairt sé leí bheith ag féachaint go maith thímcheall cró na mbó nuair a raghaidh sí ag crúd ar maidin, agus innsint dó féin ná(continues on next page)