School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)
- Location:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ba, caoire, gamhna, agus capaill againn sa bhaile. Tá sé ba óga againn, agus dhá bhuin aosta againn. "Rós" ags "Cúibí" a tugtar mar ainm ar na búaibh aosta sin. Sé an rud a dheireann fear nuair a bhíonn na ba á thíomáint aige:- "Habha amach" agus " hí bó".
"Cró na mbó" a tugtar mar ainm ar tigh na mbó. Tuighe nó atthinn a chuirtear mar easair fé na búaib. Le Slabhraidí a cheangluightear na ba. Bíonn na slabhraidí déanta d'iarrainn.
Fadó choiméadtaí gabar leis na béidhithig cun go mbheadh rath ortha. Deineann chuid des' na daoine anois é. Nuair a ghlaodtar ar na cearcaibh deirtear "tioch, tioch",. Nuair a ghlaodtar ar na lachain deirtear:- "Fíadhain", Fíadhain".- Collector
- Síle Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Address
- Carhoonahone, Co. Kerry
- Fuair sean bhean bás uair amháin. Tar éis bháis dí, nuair a bhíodar a cur isteach san comhra, mór thógadar a fáinne as a mear. Bhí capall mór láidir acha, agus cúpla oidhcheannta in-dhiaid san do thosnuigh sé ag rith mór-thímhceall na páirce chun go raibh fáinne mór déanta san bpáirch aige. Do chuireadar isteach sa stábhla é, agus bhris sé an doras. Do chuaidh sé amhach agus do thosnuigh sé ag rith arís. Fé(continues on next page)