School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)
- Location:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuileannach (C.)
- XML Page 321
- XML “Seaniarsmaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá gollán mór im' cheanntar féin, 'Carraig Éoin na bFáille" an t-ainm atá uirthi. Tá an gallán san suidhthe i bfeirm Thadgh Uí Gealbháin i mbaile fhearainn "Ceathrú-na-hAbhann." Tá rian méireanna ar an ngollán san. Bhí cloch eile in-aice tigh Shiobháin Ní Dhughbhaill fadó, agus bhí scríobhneóireacht ar an gcloich san. Bhí sagart in-a-chómhnuidhe ar agaidh tighe Shiobháin Ní Dhughbhaill amach, agus bhí an chloc san thaobh amhuigh d'en doras aige. Tá an áit sin i mbaile fhearainn "Carraganeen." Bhí cloch "Oghaimh" i mbferim Donnchadh Uí Ghealbháin in "nGort Buidhe," ach níl rian dí ann anois. Tá cloch mór agus pholl innte i "gCúl Cúmisc," agus bhíonn braon uisce innte i gcómhnuidhe. Chuireadh an chloch san ann mar do mharbhuigheadh sagart ins an áit sin fadó, agus ón lá san go dtí an lá indiú, caitheann gach duine cloch, nó cnáipe, nó píosa adhmaidh isteach ins an bpoll nuair a bhíonn siad ag gábháil an t-slighe. Nuair a caitheann duine chloch ar charn na marbh deireann sé:- "Go dtughadh Dia truagh don té a mharbhuigheadh ann."Ainm agus seóladh an té a tugh an méid éolais thuas i ngaédhilg dom:- Séamus Ó Chonchubhair, Ceathrú-na-hAbhann
- Collector
- Síle Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Address
- Carhoonahone, Co. Kerry