School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 255
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus a mhac fadó ag obair i bpáirc i n-aice teampaill agus fuaireadar corcán óir agus dubhairt an t-athair leis an mac gan é innsint d'aenne ar eagla go bhfaghadh an Rialtas amach é agus go mbainfí daob é, ach dubhairt an mac leis "Ní h-aon díoghbháil é innsint do Mhaimí", ach dubhairt an t-athair leis na féadfadh Maimí rún do choimhéad ach chomh beag le h-aon mnaoi eile.
"A mhuise a athair", a dubhairt an mac aris "ní h-aon diogbháil é innsint do Maimí" "Seadh" arsa an t-athair leis" Tabarfad-sa samphla duit. Agus má choineadfaidh sí i run é níl a bhac ort innsint di i dtaob an airgid.
"Leigfead-sa orm go bhfuilim breóidhte agus téighir sé abaile agus abair le Maimí gur thuit codlad orm i n-aice le falla an teamhpaill agus gur thainig cág amach as an teampall agus gur chuaidh sé isteach im' bhéal agus ná beidh aon dul go mairfinn agam dá neósfadh sí d'aenne é.
Seadh, bhí an sgeal na h-útamaíl(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Callahaniska, Co. Kerry
- Informant
- Donnchadh Ó Murchadha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Callahaniska, Co. Kerry