School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 017
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana-SgéulDo bhí fear ann fadó, ‘sé ainm a bhí air ná Seán. Bhí sé ana-bhocht mar ní raibh aige ach aon bhó amháin. Ní raibh aon airgead aige chun an chíos do díol, agus cuir sé roimhe an bó do dhíol. Maidin áirighthe d’eirig sé go moch chun dul ar an aonach, agus an bhó do dhíol. Ní raibh sé ach leath-slíghe an bhóthair nuair a bhuail firín beag ruadh leis. Do bheannuigheadar dá chéile agus d’íarr an fhirín air cá raibh sé ag dul leis an bó, agus dubhairt Seán go raibh sé ag dul go dtí an aonach cun í do dhíol. D’íarr an firín airís air cad a bhí sé á íarraidh ar an mboin, agus dubhairt Seán go raibh sé ag iarraidh cúig puint uirthi. Dubhairt an firín beag ruadh leis ansan go dtabharfadh sé féin buidéal do uirthi, agus nuair a raghadh sé abhaile, é chuir ar an mbórd, agus a rádh, “A bhuidéil, a bhuidéil,dein do ghnó.” Thóg Seán an buidéal agus thug sé an bhó do’n firín beag ruadh, agus do sgaradar.
Nuair a chuaidh Seán abhaile do chuir sé an buidéal ar an mbórd, agus dubhairt sé “, “A bhuidéil, a bhuidéil,dein do ghnó.” Le na linn sin do léim triúr fear amach as an mbuidéal, agus d’iarradar de cad é an gnó a bhí aige dóibh, agus dubhairt Seán mála óir a thabhairt do, agus chuadar isteach sa buidéal airís.
Cúpla lá ‘na dhiaid sin do tháinig an tíghearna talmhan ag iarraidh na cíosa. Níor dhein Seán ach a lámh a chur isteach sa mhála, agus do shín sé cúig píosaí d’óir, breágh, buídhe do’n dtíghearna talmhan. D’fhéuch an tíghearna talmhan air go h-ionghantach,(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Curnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Siobhán Bean Uí Curnáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kealduff Upper, Co. Kerry