Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Letter East, Co. Kerry
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 075
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seana-SgéulFeirmeóir do bhí ann fadó, ach ní fheadar cathain, pé sgéul é. Tháinig an bás ag triall air lá, agus dubhairt sé ná raibh ach blian eile gearrtha amach do, agus d’imthigh sé an bóthar airís. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Thuit an lug ar an lag ag an bhfeirmeóir, ach do chuir sé roimis biadh do sholáthair do féin i gcómhair na bliana. Do chuaidh sé agus do shocruig cliathán cnuic cun garrdha do chur ann, agus níor chuir sé de chlaidhe timcheall air ach scailpeanna go raibh raithnig ag fás ortha, agus gan puinn acu san ann féin.
D’fhás an garrdha is d’fás an raithneach, ach bhí ionghnadh ar an comharsanaibh cad fá gur claidhe gan mhaith do dhein an feirmeóir timcheall a garrdha.
“Cad na thaobh,” arsa duine acu leis, “nár chuiris claidhe níos fóisciunnaighe ar do garrdha ná an raithneach glas san?”
“A, a mhic ó,” arsan feirmeóir, “déanfaidh an raithneach an gnó go bréagh dóm-sa. Tá an garrdha fosciúnach a dhóthain mar atá sé, agus nuair ná bhfuil ach an blian seo agam le mairúint, nách chuma liom cad a dheanfaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Scothlaoich
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Scothlaoich
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Letter East, Co. Kerry