School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 150
- XML (no title)
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Chuir sagart ceist ar pháiste lá.”
Donnchadh Ua Súilliobháin Cill Mac Ciarainn 14 bl.
Mícheal Ua Súilliobháin a athairChuir sagart ceist ar pháiste lá. ‘Ciacu don Trionóid is cómhachtaighe’ D’fhreagair an pháiste ‘Bheadh mo sheasamh ar an duine aosta’ Bhí sagart chun leanbh do bhaisteadh tráth agus d’fhiafruig an sagart do athair an leinbh ‘Cé bheadh mar athair baistidhe’ “Ó, Seámus Óg” ar seisean. “Tá cruinn” arsa an Sagart.- Collector
- Donnchadh Ua Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Cill Mhic Iarainn Thiar, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ua Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
(no title)
“Bhí fear ag teacht abhaile ón gcathair agus é ar meisge.”
Siobhán Ní Mhuircheartaig Cill Mac Ciarainn 13 bl.
A h-athair Partalán Ua Muircheartaig 48 bl.Bhí fear ag teacht abhaile ón gcathair agus é ar meisge. Chuaidh ar seachrán i gcoill isteach agus do bhuail i gcoinnibh crainn. Annsan dubhairt sé ‘Gabh mo leath sgéal, a dhuine uasail’ mar cheap gur duine uasail bhí ann.- Collector
- Siobhán Ní Mhuircheartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Cill Mhic Iarainn Thiar, Co. Kerry
- Informant
- Partalán Ua Muircheartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Address
- Cill Mhic Iarainn Thiar, Co. Kerry
(no title)
“Sa tseana shaoghal fadó bhídís ag cur lín a bhogadh i bpoll portaigh agus ba mhinic dóibh ag goid ó na chéile.”
Sa tsean shaoghal fadó bhídís ag cur lín á bhogad i bpoll portaig agus ba mhinic dóibh ag goid óna chéile. Bhí fear ann darab ainm do Tadhg Ó Laoghaire agus dúil ró-mhóir i dtobac aige. Dubhairt le cómharsain go dtabharfad sé oidhche i bhfeighil an lín acht dóthain tobac a thabhairt do. Tráth san oidhche agus é i bhfeighil an lín tháinig fear chuige agus beart chamáin ar a dhrom. Chaith de thúirt ar an dtalamh iad. Bhí fear agus fear ag teacht agus gach éinne ag breith ar chamán fé mar a thagaidís go dtí gur tháinig an fear déidheannach agus dubhairt Tadhg ‘Ní córa dhíbh ná dhómhsa’ agus do bheir ar chamán mar fear agus do réidhtigheadar cluiche eatortha. An taobh go(continues on next page)- Informant
- Stiopán Ua Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Kenmare, Co. Kerry