School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 154
- XML (no title)
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí scata buachaillí i dtig éigin i Súgréine oidhche Shamhna timcheall 40 bl ó shoin...”
Úna Ní Fiadhnachta 13 bl. Cill Mac Ciarainn
Mícheál Ua Fiannachta 72 bl. a h-athairBhí scata buachaillí i dtig éigin i Súgréine oidhche Shamhna timcheall 40 bl. ó shoin. Thárla go raibh ubhall breágh ag duine aca agus do chrochadh ón lochta é. Bhí fear ann nár ith ubhall riamh á léim suas chun an ubhall d’fhághailt. Chuaidh an t-ubhall isteach ‘na bhéal. Níor fhéad an diabhal bocht cainnt is dubhairt duine eile “A chonác san ort a mhic ó mar is ort a bhí an sgannradh.(no title)
“Bhí buachaill ag obair ag feirmeóir uair...”
Eibhlín Ní Shúilleabháin
Mealliarcán 13 bl. a máthair 36 bl.Bhí buachaill ag obair ag feirmeóir uair. Oidhche chuaidh sé amach ag imirt cártaí go tigh comharsan. Nuair a tháinig ar ais chualadh sé mar cheap sé criogar i bpóca bríste an fheirmeóra. Thóg anuas é agus léim air d’fonn an criogair do mharbhú. Do stad an criogar. Ar mhaidean ‘na dhiaidh san nuair d’éirig fear an tighe chuaidh sé go dtí a bheist féachaint cad é an t-am é. Do bhí an t-uaireadóir ‘na bhrus aige.- Collector
- Eibhlín Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Maulagirkane, Co. Kerry
(no title)
“Bhí bhean thiar ar an ngleanntán agus go phós sí a hinghean le fear cois Íne...”
Brighid bean Uí Dhálaigh 84 bl.Bhí bhean thiar ar an ngleanntán agus do phós sí a h-inghean le fear cois Íne. Fear de mhuinntir Shúilliobháin do b’eadh é agus bhí leas-ainm ortha na bocáin. Bean breágh do b’eadh an cailín acht níor thaitn an áit le na máthair as dubhairt sí.Chuireas mo chailín aoibhinn gléigeal
Go imeall cnoic is sléibhte
Gan ann acht luacháir gléigeal
A's bocánín cnoic