Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 154
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí scata buachaillí i dtig éigin i Súgréine oidhche Shamhna timcheall 40 bl ó shoin...”
Úna Ní Fiadhnachta 13 bl. Cill Mac Ciarainn
Mícheál Ua Fiannachta 72 bl. a h-athairBhí scata buachaillí i dtig éigin i Súgréine oidhche Shamhna timcheall 40 bl. ó shoin. Thárla go raibh ubhall breágh ag duine aca agus do chrochadh ón lochta é. Bhí fear ann nár ith ubhall riamh á léim suas chun an ubhall d’fhághailt. Chuaidh an t-ubhall isteach ‘na bhéal. Níor fhéad an diabhal bocht cainnt is dubhairt duine eile “A chonác san ort a mhic ó mar is ort a bhí an sgannradh.(gan teideal)
“Bhí buachaill ag obair ag feirmeóir uair...”
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Maulagirkane, Co. Kerry
(gan teideal)
“Bhí bhean thiar ar an ngleanntán agus go phós sí a hinghean le fear cois Íne...”
Brighid bean Uí Dhálaigh 84 bl.Bhí bhean thiar ar an ngleanntán agus do phós sí a h-inghean le fear cois Íne. Fear de mhuinntir Shúilliobháin do b’eadh é agus bhí leas-ainm ortha na bocáin. Bean breágh do b’eadh an cailín acht níor thaitn an áit le na máthair as dubhairt sí.Chuireas mo chailín aoibhinn gléigeal
Go imeall cnoic is sléibhte
Gan ann acht luacháir gléigeal
A's bocánín cnoic