School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 194

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 194

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 194
  3. XML “Éadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mhuise slán beo leis an sean aimsir, nuair a bhí an plainnín breac agus an sníomh go léir dhá dhéanamh adeireann na sean-mná nuair a chíd na "giobail" is na "seoiníní" is na "caipíní leath stuaic" ar na cailínibh óga. Go deimhin féin is mór an t-athrú ata tagaithe ar éadaighe, idir adhbhar agus faisiúin, ó'n uair go raibh ár n-atharacha agus ár máthaireacha óg.
    Clócaí a chaitheadh na mná go léir in allóid agus caidhp bán na dteannta. Bhíodh morán frileanna agus pléataí agus filltíní ar an gcaidhp agus bhíodh ar na mnáibh iad san do chóíriú agus so shocrú le h-iarann bheara. B'é an t-iarann beara ná úirlis beag d'iarann agus méar air agus do cuirtí bior dhearg isteach ann chun iarnála. Bhíodh fo-ghúna nó peticoat de phlainnín bán ortha agus sciortá dubh agus sicéad bán. Bhíod brat beag olna tímceall a gcínn acu agus snaidhm fé'n ngiall air. Seálanna breaca trí bínn abíodh a bhíodh dá chaitheamh gacu gach Domhnach. Ba ar lá Nodhlag, lá 'le Pádruig agus ar ócáidí móra mar iad a chaithidís na clócai. Innstear sgéal mar gheall ar mhnaoi a ceannuigh adhbhar sicéide di feín i gcoir an "Stáisiúin," agus púnt de shiúicre mhín bhán 'n-a teannta - soghluist mhór san am úd dar ndóig. Lá'r na mháireach bhí fear ar an gcnoc agus chonnaic sé na ba indamáiste uaidh síos. Ghlaoidh sé ar a mhnaoi ac má seadh níor chuala sise é. "A Mháire" ar seisean aríst ach nior chuala Máire é. "Airiú a Mháire" ar seisean sa dheire "A chaillichín an tsicéide 'sa' t-siúicre mhín bháin, bog amach agus feuch sa gharrdha" agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish