School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 206

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 206

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 206
  3. XML “Níochán agus Dathúchán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ós rud gur bhfuirist do dhuine sgillingí agus réalacha na ndaoine fadó do chur le chéíle, ní cheannuighidís acht 'á chómhartha san féin de'n ghalúnaigh. Acht sé an ceist é connus a dheinidís a gcuid éadaigh do ghlanadh?
    Ar dtúis cuireadh bean a' tighe corcán mór uisge ar an dteine, agus chaitheadh sí dorn maith mine isteach ann. Chuimiligheadh sí galúnach de'n éadaigh, agus nigheadh sí le h-uisge mine an chorcháin iad. Théígheadh sí go dtí an abha annsan agus bhuaileadh sí go maith iad leis an sliós chun an mhin a bhaint díobh. Bheireadh sí thar n-ais airís iad, agus bheirbhigheadh sí i gcorcán d'uisge mine iad. Nuair a bhídís beirbhighthe annsan, chaitheadh sí isteach i mbirdeóg iad, acht nigheadh sí iad san siubhal mine, sara dheineadh sí an méid sin leó. Bheireadh sí chun na h-abhann airís iad agus bhíodh sí 'á mbualadh leis an slios go dtí go mbíodh dath glan ar an uisge nigheacháin. Leathadh sí amach ar pháirc annsan iad agus thagadh sí fé na ndéin uair sa ló ar feadh trí lá agus dheineadh sí uisge do chaitheamh ortha le hé a sgagadh le sgagaire.
    Dheineadh bean a cuid bréidín agus a cuid plainnín do dhathú roimh a ndéanta. Mar seo a ndeintí an obair:- Bhaintí amach as an dtalamh préamacha an ghlasra sin ar a dtugtar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. dyeing (~134)
    Language
    Irish