School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 214
- XML “bhFuil Fhios agat”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is ceart paidir do rádh dhó, nó fós, roinnt airgid a thabhairt do dhuine bocht thar ceann an duine mhairbh.
Tímcheall a dó a clog san oidhche a póstaí lánamha fadó.
Uisge beatha a bhíodh ar pósadh fadó agus bíodh rinnce ar phósadh san gcéad.
Bhí fear i nDairbhre fadó,agus mhair sé go dtí go raibh sé trí céad bliadhain. Léithín Dairbhreach ab ainm dó.Deirtear gurb'é an fáth go bhfuil cnapán so-fheisgthe i sgórnaigh fir ná:- Nuair a bhí Adhamh, athair na cine daonna, ag ithe an ubhaill, nár cheart dó aon lámh a bheith aige ann, cuimhnigh sé ar órdú a Cruthuightheóra agus píosa de'n ubhall 'n-a bhéal aige. Chuir sé a lámh mór timcheall a sgórnaighe chun ná leigfeadh sé síos é, agus stad an t-ubhall 'n-a sgórnaigh, agus bhí sé 'n-a cnapán ann, agus 'n-a cnapán ar sgórnaigh gach fir riamh ó shoin. (no title)
“Tá uair na hathchuinge ann, sé sin go bhfaghadh duine a athchuinge, dá mbeadh sé ag guidhe chun é d'fhághail, an uair aírighthe de cheithre uaire fichead an lae.”
Tá uair na h-athchuinge ann, sé sin go bhfaghadh duine a athchuinge, dá mbeadh sé ag guidhe chun é d'fháhail, an uair áírighthe de cheithre uaire fichead an lae. Ní fios cad é an uair é sin. Cheap fear fadó, go ndeanfhadh sé gnó maith, agus lá an iomlán do chaitheamh ag guidhe agus go bhfaghaidh sé a athchuinge i-n uair éigin d'en lae. B'é an athcuinge é ná, a thalamh is a thighearnas do bheith ag a mhac agus a teaghlach go léir ó'n a bhás amach. Bhí an talamh is an tighearnas go fuadrach fé mar a deirtear - botháinín cinn tuighe, agus fé bó de thalmhan. Bhí sé sínte ar an(continues on next page)