School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bí cómhnaidhe ar an Bráthair Ruadh Ó Súilleabhaín ag Mainistir Átha Mhoír i bparóisde Cille Cróchán. Fear mór fionnadh-ruadh go raibh breicneach ann do beadh é is bhí sé an-árd. Bhí sé breis is ocht dtroighthe ar aoirde. Pé sgéal é bhí sé ar a teicheadh ós na saighdiúirí le linn Cromail agus cuaidh sé i bfolach in oileán na Scairbhíghe ach más seadh fuaireadar san amach é agus é ag guidhe i ndraib Faille. Níor fhéad na saighdiúirí teacht air go raibh a paidreacha raidhte
aige ach an uair go raibh rugadar air agus cuireadar chun báis é. Is féidir an uaig fada caol d'feiscint fós in Oilean na Scairbighe mar a bhfuil an Bráthair Ruadh curtha.Ach níorbh bhfada go bhfuair drifiúir an Bhráthair Ruaidh caoi ar bhás a drítheáir d'agairt. Bhí sí ar aimsir i n-Oileán Dairbhire san tig, ina raibh na saighdiúirí ag ól tar-éis teacht ó Doir Fionáin dóibh. Bhíodar ag maoidheamh as an ngaisce a bhí déanta aca agus d'fiafruigh sí díobh ciacu díobh a mhairbh an cladhaire mór - an Bráthair Ruadh. D'fhreagair an fear a dhein é agus árdh-mórtas air mar gheall ar an mbeart a bhí déanta aige. Ach sar a raibh sé d'uain aige an abairt do críochnugadh do chuir sí sgian tré na croidhe siar.